3 resultados para Lámhscríbhinní Gaeilge
Resumo:
Is scrúdú ar théacs amháin, Comthóth Lóegairi co Cretim ocus a Aided (CLcC), a chaomhnaítear i lámhscríbhinn amháin, Lebor na hUidre (LU), atá sa tráchtas seo. Bíodh is gurb é LU an lámhscríbhinn Ghaelach is sine a chaomhnaíonn scéalta leanúnacha i nGaeilge, agus gur ábhar staidéir ar leith i ngort na Gaeilge agus na Ceiltise é dá réir, níor scrúdaíodh CLcC as féin mar earra litríochta fós, ná ní dhearnadh mionscrúdú ar an teanga ann ach chomh beag. Ceapadh gur mhithid an téacs a mheas ar na cúiseanna sin. Roinntear an tráchtas ina dhá chuid, mar atá: (a) cuid a haon, a chuireann síos ar chomhthéacs na lámhscríbhinne agus ar cheisteanna a bhaineann lena lucht scríofa, chomh maith le hanailís liteartha ar théamaí a luaitear sa téacs féin. Déantar ceist an rangaithe a phlé chomh maith, is é sin, conas is ceart rangú a dhéanamh ar CLcC; (b) cuid a dó, is eagrán agus aistriúchán den téacs atá inti, chomh maith le nótaí teanga a scrúdaíonn gnéithe suntasacha den teanga, agus gluais. An dá shórt anailíse a chuirtear chun cinn i rith an tráchtais, .i. an scrúdú liteartha agus an t-iniúchadh ar an teanga, déantar iad a shuíomh i gcomhthéacs LU trí chéile oiread agus is féidir. Féachann an cur chuige seo le taispeáint gur de dhlúth na lámhscríbhinne féin na téamaí (mar shampla creideamh, cumhacht, ríogacht) is bun le CLcC, agus gur sampla an-spéisiúil de thoisí teanga LU an téacs seo, óir léiríonn sé caomhnú ábhar ón tSean-Ghaeilge chomh maith le forbairtí teanga a bhaineann le ré na Meán-Ghaeilge. Sna nótaí teanga, leis, cuirtear samplaí as lámhscríbhinní comhaimseartha eile san áireamh, chomh maith le foinsí níos sine ná sin, le bonn a chur faoin áitiú a dhéantar ar aois na teanga in CLcC.
Resumo:
Ceann de phrionsabail bhunaidh An Ghúim téacsleabhair agus leabhair ghinearálta a sholáthar do dhaltaí scoile is do lucht léitheoireachta na Gaeilge. Ábhair a bhaineann le curaclam na scoile, cuir i gcás, eolaíocht is tíos, oideachas, saoránaíocht, spórt, na teangacha Clasaiceacha, tíreolaíocht, taisteal agus an nádúr, creideamh is stair, a roghnaítear don taighde seo. Tugtar Aguisín (921 lch) le bheith ina threoir do phríomh-bhunachar sonraí na dochtúireachta seo (an chiall ghinearálta mar bhailiúchán eolais atá i gceist le “bunachar” sa tráchtas seo in ionad brí theicniúil ar leith). Trí phríomhchuid atá sa staidéar: “buneolas”, “anailís” is “toradh”. Sa “Bhuneolas”, tugtar cuntas beathaisnéiseach ar na bunúdair, soláthraítear achoimre ar na foilseacháin faoi staidéar, mar aon le faisnéis bhibleagrafaíochta i dtaobh na n- aistritheoirí, agus eolas faoi na comhlachtaí foilsitheoireachta a bhí páirteach sna tograí. Pléann “Anailís” brainsí de chuid an státchórais mar an Roinn Oideachais agus an Roinn Airgeadais i gcúrsaí maoinithe, nó gníomhairí lasmuigh de, cosúil le lucht deartha is clóchuradóireachta; moladh is coimisiúnú na saothar; sonraí cóipchirt na bhfoilseachán; roghnú, monatóireacht is díolaíocht na n-aistritheoirí, mar aon le breithniú inmheánach is seachtrach. Sa chuid dheireanach, féachtar le “Toradh” na hiarrachta a mheas, ag tagairt den líon cóipeanna de na leabhair a díoladh. Faightear eolas ar fhiosrú léitheoirí; praghas na leabhar; a ndíolachán is a n- athchló. Tugtar léirmheasanna a scríobhadh ar na haistriúcháin Ghaeilge agus na cúiseanna nár tháinig tograí ar leith chun críche. Is é aidhm na hoibre thar aon ní eile gné lárnach chasta d’eisint An Ghúim atá ligthe i ndíchuimhne a thabhairt ar ais chugainn go beo beathaíoch faoi mar a bhí lena ré saoil féin.