Saothair Oideachais an Ghúim 1926-46
Contribuinte(s) |
Buttimer, Cornelius |
---|---|
Data(s) |
27/09/2016
2016
2016
|
Resumo |
Ceann de phrionsabail bhunaidh An Ghúim téacsleabhair agus leabhair ghinearálta a sholáthar do dhaltaí scoile is do lucht léitheoireachta na Gaeilge. Ábhair a bhaineann le curaclam na scoile, cuir i gcás, eolaíocht is tíos, oideachas, saoránaíocht, spórt, na teangacha Clasaiceacha, tíreolaíocht, taisteal agus an nádúr, creideamh is stair, a roghnaítear don taighde seo. Tugtar Aguisín (921 lch) le bheith ina threoir do phríomh-bhunachar sonraí na dochtúireachta seo (an chiall ghinearálta mar bhailiúchán eolais atá i gceist le “bunachar” sa tráchtas seo in ionad brí theicniúil ar leith). Trí phríomhchuid atá sa staidéar: “buneolas”, “anailís” is “toradh”. Sa “Bhuneolas”, tugtar cuntas beathaisnéiseach ar na bunúdair, soláthraítear achoimre ar na foilseacháin faoi staidéar, mar aon le faisnéis bhibleagrafaíochta i dtaobh na n- aistritheoirí, agus eolas faoi na comhlachtaí foilsitheoireachta a bhí páirteach sna tograí. Pléann “Anailís” brainsí de chuid an státchórais mar an Roinn Oideachais agus an Roinn Airgeadais i gcúrsaí maoinithe, nó gníomhairí lasmuigh de, cosúil le lucht deartha is clóchuradóireachta; moladh is coimisiúnú na saothar; sonraí cóipchirt na bhfoilseachán; roghnú, monatóireacht is díolaíocht na n-aistritheoirí, mar aon le breithniú inmheánach is seachtrach. Sa chuid dheireanach, féachtar le “Toradh” na hiarrachta a mheas, ag tagairt den líon cóipeanna de na leabhair a díoladh. Faightear eolas ar fhiosrú léitheoirí; praghas na leabhar; a ndíolachán is a n- athchló. Tugtar léirmheasanna a scríobhadh ar na haistriúcháin Ghaeilge agus na cúiseanna nár tháinig tograí ar leith chun críche. Is é aidhm na hoibre thar aon ní eile gné lárnach chasta d’eisint An Ghúim atá ligthe i ndíchuimhne a thabhairt ar ais chugainn go beo beathaíoch faoi mar a bhí lena ré saoil féin. |
Formato |
application/pdf |
Identificador |
Ó hUallacháin, S. B. 2016. Saothair Oideachais an Ghúim 1926-46. PhD Thesis, University College Cork. |
Idioma(s) |
ga |
Publicador |
University College Cork |
Direitos |
© 2016, Seán Breandán Ó hUallacháin. http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/ |
Palavras-Chave | #An Gúm #Oideachas #Saothair Oideachais |
Tipo |
Doctoral thesis Doctoral PhD (Arts) |