3 resultados para Traidisiún


Relevância:

20.00% 20.00%

Publicador:

Resumo:

Féachann an tráchtas seo le solas a chaitheamh ar an amhránaíocht mar a chleachtaítí agus mar a chleactaítear fós i gcontae Phort Láirge í. Ardaítear ann ceisteanna a bhaineann le seachadadh agus le sealbhú na n-amhrán I measc an phobail i gceantar na nDéise sa tréimhse c.1750-1960, ó aimsir Sheáin Chláraigh go dtí an ré sin ina raibh Nioclás Tóibín, ‘rí-amhránaí Éireann’, ar bhuaic a réime. Cuirtear spéis anseo i bhfás agus i dteacht chun cinn an Rómánsachais agus (a leathchúpla) an náisiúnachais ar Mhór-roinn na hEorpa in earr an 18ú haois agus amach san 19ú haois; ar thionchar na ngluaiseachtaí sin i bhfad ó bhaile ar Éirinn i gcoitinne san aimsir úd; orthu sin a raibh díolamaí amhrán á gcur in eagar acu in Éirinn san 19ú agus amach san 20ú haois; agus, ar deireadh, ar an stór amhrán mar atá le clos inniu I measc na ndaoine i nGaeltacht na Déise.

Relevância:

10.00% 10.00%

Publicador:

Resumo:

Is é a chuirim romham a dhéanamh sa tráchtas seo ná eagar a chur ar shaothar liteartha Mhíchíl Coimín; file agus údar próis a bhí ag saothrú na litríochta i gCill Chorcoráin, Contae an Chláir san ochtú haois déag. D’éag sé sa bhliain 1760 nuair a bhí sé beagnach 90 bliain d’aois. Is féidir a rá go bhfuil an Coimíneach, ó thaobh chanóin litríocht na Gaeilge de i measc na mionscríbhneoirí, agus níl aon dabht faoi ach go bhfuil an-chuid de léitheoirí na Gaeilge sa lá atá inniu ann dall ar a chuid scríbhneoireachta. Tá cáil air mar údar ‘Laoi Oisín i dTír na n-Óg’ ach mar a léireofar sa tráchtas seo, tá gach cuma ar an scéal nárbh é a scríobh. Tá againn óna pheann dornán beag dánta agus dhá scéal rómánsaíochta (‘Eachtra Thoroilbh Mhic Stairn’ agus ‘Eachtra a Thriúr Mac’) a scríobh sé nuair a bhí an traidisiún sin próis ar an dé deiridh. Níl aon chuid dá shaothar ar fáil in eagráin a shásódh léitheoirí an lae inniu ná na critéir scolártha atá i bhfeidhm anois. Níor tháinig aon lámhscríbhinn, i lámh an Choimínigh, anuas chugainn agus dá bhrí sin bhí dúshlán áirithe ag baint leis an bpróiseas eagarthóireachta. Sa tráchtas rinne mé an suirbhé is iomláine go dtí seo ar a shaothar i dtraidisiún na lámhscríbhinní agus ar na scríobhaithe a rinne é a sheachadadh. Bhí sé mar aidhm agam teacht ar na lámhscríbhinní is údarásaí sa traidisiún d’fhonn eagráin a réiteach a bheadh dílis dá bhunshaothar. Chomh maith leis sin tabharfar cuntas ar a bheatha agus ar a chúlra liteartha, agus déanfar iniúchadh criticiúil ar a shaothar próis agus fileata.

Relevância:

10.00% 10.00%

Publicador:

Resumo:

Go príomha, is tráchtas é seo a dhéanann staidéar ar ghné de litríocht iar-chlasaiceach na Gaeilge. Baineann sé go háirithe leis an sraith chaointe nó marbhnaí i bhfoirm véarsaíochta a cumadh do Shéamas Óg Mac Coitir (1689-1720), duine uasal Caitliceach ó Charraig Tuathail, Co. Chorcaí, nuair a ciontaíodh é in éigniú Elizabeth Squibb, bean de Chumann na gCarad; nuair a cuireadh pionós an bháis air; agus nuair a crochadh é i gCathair Chorcaí an 7 Bealtaine, 1720. Ó thaobh na staire de, scrúdaítear Clann Choitir mar shampla de theaghlach nár cheil a ndílseacht do chúis pholaitiúil na Stíobhartach agus a sheas an fód go cróga faoi mar a bhí a ngreim polaitiúil á dhaingniú ag an gCinsealacht Phrotastúnach ó dheireadh an 17ú haois amach. Tagraítear do sheicteachas na sochaí comhaimseartha agus don teannas idir an pobal Caitliceach agus an pobal Protastúnach ag an am. Déantar scagadh ar an véarsaíocht mar fhoinse luachmhar do dhearcadh míshásta an mhóraimh Chaitlicigh ar struchtúr polaitiúil chontae Chorcaí (agus na hÉireann) i dtosach an 18ú haois. Is feiniméan liteartha an dlús véarsaíochta seo a bhaineann go háirithe le traidisiún liteartha Chorcaí. Tá na dánta curtha in eagar agus aistriúchán go Béarla curtha ar fáil: is é seo croí an tráchtais. Tá an t-eagrán bunaithe ar scrúdú cuimsitheach ar thraidisiún na lsí; pléitear modheolaíocht na heagarthóireachta. Déantar iarracht ar na dánta a shuíomh sa traidisiún casta liteartha sa tráchtaireacht tosaigh; sa chuid eile den bhfearas scoláiriúil, scrúdaítear ceisteanna a bhaineann le cúrsaí teanga, foclóra, meadarachta agus stíle. Tá innéacsanna agus liosta foinsí le fáil i ndeireadh an tráchtais.