1 resultado para Virginia Cavalry. 4th regt., 1861-1865. Co. D.

em CORA - Cork Open Research Archive - University College Cork - Ireland


Relevância:

30.00% 30.00%

Publicador:

Resumo:

Stair na Gaeilge i gCo. Thiobraid Árann i rith na tréimhse 1700-1901 atá á ríomhadh sa tráchtas seo. Tar éis a cúlra agus a comhthéacs a shuíomh i gCaibidil a hAon, dantar scríobhaithe an cheantair a áireamh, fara tráchtaireacht orthu, i gCaibidil a D. I gCaibidlí a Trí agus a Ceathair, féachtar ar thionchar na hEaglaisí Caitlicí agus Eaglais na hÉireann (i measc eaglaisí Protastúnacha eile) ar an dteangain. I gCaibidil a Cúig, faightear spléachadh ar ghnéithe éagsúla de shaíocht an chontae, ag tabhairt léargais ar tháirgí na scríobhaithe, ar leabhair a clóbhualadh sa réigiún, agus ar fhilí móra na háite, leithéid Liam Daill Uí Ifearnáin, ag sonrú limistéir faoi leith, an t-oirdheisceart, mar shampla. Léirítear éifeacht na gcumann Gaelach agus na ndograiseoirí iomadla a bhain leo. Ábhar suime, leis, feidhm na Gaeilge sna cúirteanna dlí. Tugtar faisnéis i gCaibidil a Sé ar fhianaise cuairteoirí ar an Ghaeilge mar urlabhra i dTiobraid Árann. Is anseo chomh maith a deintear anailís ar Dhaonáirimh na mblianta 1861-1901, le mórchuid adhmaid á baint as ceann 1901 go háirithe. Breactar as ainmneacha sagart agus múinteoirí le Gaeilge, agus tráchtar ar aicmí suntasacha eile, na póilíní agus na saighdiúirí a raibh an teanga sin ina mbéal acu. Tugtar le chéile d réir na snáithíní difriúla eolais ar an diche ar bhealach nár tharla cheana don gcontae casta fairsing seo le haghaidh na tréimhse atá idir lámha ag an saothar.