3 resultados para Osteotomia maxilar tipo Le Fort I

em CORA - Cork Open Research Archive - University College Cork - Ireland


Relevância:

100.00% 100.00%

Publicador:

Resumo:

Go príomha, is tráchtas é seo a dhéanann staidéar ar ghné de litríocht iar-chlasaiceach na Gaeilge. Baineann sé go háirithe leis an sraith chaointe nó marbhnaí i bhfoirm véarsaíochta a cumadh do Shéamas Óg Mac Coitir (1689-1720), duine uasal Caitliceach ó Charraig Tuathail, Co. Chorcaí, nuair a ciontaíodh é in éigniú Elizabeth Squibb, bean de Chumann na gCarad; nuair a cuireadh pionós an bháis air; agus nuair a crochadh é i gCathair Chorcaí an 7 Bealtaine, 1720. Ó thaobh na staire de, scrúdaítear Clann Choitir mar shampla de theaghlach nár cheil a ndílseacht do chúis pholaitiúil na Stíobhartach agus a sheas an fód go cróga faoi mar a bhí a ngreim polaitiúil á dhaingniú ag an gCinsealacht Phrotastúnach ó dheireadh an 17ú haois amach. Tagraítear do sheicteachas na sochaí comhaimseartha agus don teannas idir an pobal Caitliceach agus an pobal Protastúnach ag an am. Déantar scagadh ar an véarsaíocht mar fhoinse luachmhar do dhearcadh míshásta an mhóraimh Chaitlicigh ar struchtúr polaitiúil chontae Chorcaí (agus na hÉireann) i dtosach an 18ú haois. Is feiniméan liteartha an dlús véarsaíochta seo a bhaineann go háirithe le traidisiún liteartha Chorcaí. Tá na dánta curtha in eagar agus aistriúchán go Béarla curtha ar fáil: is é seo croí an tráchtais. Tá an t-eagrán bunaithe ar scrúdú cuimsitheach ar thraidisiún na lsí; pléitear modheolaíocht na heagarthóireachta. Déantar iarracht ar na dánta a shuíomh sa traidisiún casta liteartha sa tráchtaireacht tosaigh; sa chuid eile den bhfearas scoláiriúil, scrúdaítear ceisteanna a bhaineann le cúrsaí teanga, foclóra, meadarachta agus stíle. Tá innéacsanna agus liosta foinsí leil i ndeireadh an tráchtais.

Relevância:

30.00% 30.00%

Publicador:

Resumo:

My thesis analyses female figures in Italian crime fiction since 1980, from narratological, sociological and gender-studies perspectives. It considers the narrative structure of the giallo and the noir, taking into account the difficulties, particularly in Italy, of establishing what noir fiction is and if/how it is possible to frame it in a specific narrative scheme. This discourse connects to the extraordinary success of Italian giallo and noir fiction over the past fifteen-twenty years. In this scenario, I examine the place of female writers in relation to this phenomenon, especially since the 1980s: in terms of the level of visibility/acceptance of their work, in a narrative space traditionally considered as a male territory, and with regard to their writings, which introduce different narrative perspectives. Specifically, I consider selected texts by leading female Italian writers, in which female elements (writers/characters) become destabilizing factor both on the narrative level, by undermining the schemes of ‘formulaic’ fiction, and on the political one, through their implicit potential (as women) for disrupting the rigid models inherited from processes of social conditioning and from political structures. In terms of gender identities, such texts offer scope to question conventional social constructions of the subject: by empowering the female narrative voice and by embodying it in characters (investigators/killers) traditionally personified by male figures. These texts offer themselves as a critical space where, potentially, readers can rethink static gendered relationships and stereotypical symbolical categories.

Relevância:

30.00% 30.00%

Publicador:

Resumo:

Stair na Gaeilge i gCo. Thiobraid Árann i rith na tréimhse 1700-1901 atá á ríomhadh sa tráchtas seo. Tar éis a cúlra agus a comhthéacs a shuíomh i gCaibidil a hAon, déantar scríobhaithe an cheantair a áireamh, fara tráchtaireacht orthu, i gCaibidil a Dó. I gCaibidlí a Trí agus a Ceathair, féachtar ar thionchar na hEaglaisí Caitlicí agus Eaglais na hÉireann (i measc eaglaisí Protastúnacha eile) ar an dteangain. I gCaibidil a Cúig, faightear spléachadh ar ghnéithe éagsúla de shaíocht an chontae, ag tabhairt léargais ar tháirgí na scríobhaithe, ar leabhair a clóbhualadh sa réigiún, agus ar fhilí móra na háite, leithéidí Liam Daill Uí Ifearnáin, ag sonrú limistéir faoi leith, an t-oirdheisceart, mar shampla. Léirítear éifeacht na gcumann Gaelach agus na ndíograiseoiiomadúla a bhain leo. Ábhar suime, leis, feidhm na Gaeilge sna cúirteanna dlí. Tugtar faisnéis i gCaibidil a Sé ar fhianaise cuairteoirí ar an Ghaeilge mar urlabhra i dTiobraid Árann. Is anseo chomh maith a deintear anailís ar Dhaonáirimh na mblianta 1861-1901, le mórchuid adhmaid á baint as ceann 1901 go háirithe. Breactar as ainmneacha sagart agus múinteoile Gaeilge, agus tráchtar ar aicmí suntasacha eile, na póilíní agus na saighdiúirí a raibh an teanga sin ina mbéal acu. Tugtar le chéile dá réir na snáithíní difriúla eolais ar an dúiche ar bhealach nár tharla cheana don gcontae casta fairsing seo le haghaidh na tréimhse atá idir lámha ag an saothar.