6 resultados para Leis de falência
em CORA - Cork Open Research Archive - University College Cork - Ireland
Resumo:
Tugann an staidéar taighde aghaidh ar an dátheangachas i bPoblacht na hÉireann agus go háirithe ar thuairimí dhaoine óga dátheangacha sa 21ú haois. Is é cuspóir an staidéir ná iniúchadh a dhéanamh ar mheonta déagóirí Éireannacha dátheangacha i leith na Gaeilge agus a gcuid aitheantais mar dhéagóirí dátheangacha. Déanann an staidéar anailís ar mheonta daltaí a fhreastalaíonn ar iar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge. Féachtar ar thuairimí tuismitheoirí, múinteoirí agus iar-scoláirí freisin. Is í príomhcheist an staidéir seo ná: Cad iad meonta déagóirí Éireannacha dátheangacha i leith teanga na Gaeilge agus cad iad a n-aitheantais mar Éireannaigh óga dátheangacha? Baineadh úsáid as modhanna cáilíochtúla idir agallaimh, agallamh grúpa, scríbhneoireacht phearsanta agus ríomhphoist chun eolas a bhailiú i scoil an staidéir cháis. Roghnaíodh modh cainníochtúil an cheistneora náisiúnta chun cur leis an eolas. Tugann an taighde le tuiscint go mothaíonn déagóirí Éireannacha dearfach faoi theanga na Gaeilge agus faoin a gcuid aitheantais mar dhaoine dátheangacha. Léiríonn torthaí an taighde gurb ionann teanga na Gaeilge dóibh agus seoid luachmhar a sholáthraíonn buntáistí, deiseanna agus féidearthachtaí dóibh. Maidir le cruthú aitheantais, chuaigh formhór na ndéagóirí i scoil an staidéir cháis i dtreo a ndá ghrúpa teangeolaíochta agus chruthaigh siad “linguistic brokerage” (Shenk, 2008) a tharraing a taobh Gaelach is Béarla le chéile. Mothaíonn formhór na ndéagóirí dátheangacha seo go bhfuil aitheantas amháin acu ach go bhfuil an dá theanga, an dá chultúr agus an dá pháirt dá saoil mar pháirt den gcomhaitheantas sin. Ach ba léir go raibh éagsúlachtaí i measc na rannpháirtithe freisin. Tacaíonn torthaí an taighde le gnéithe den litríocht ar a rinneadh athbhreithniú chun ról lárnach na teanga i gcruthú aitheantais an déagóra a léiriú. Cuireann an taighde seo leis an réimse toisc go soláthraíonn sé eolas luachmhar agus fiúntach faoin dátheangachas agus aitheantas i bPoblacht na hÉireann sa 21ú haois.
Resumo:
Is é a chuirim romham a dhéanamh sa tráchtas seo ná eagar a chur ar shaothar liteartha Mhíchíl Coimín; file agus údar próis a bhí ag saothrú na litríochta i gCill Chorcoráin, Contae an Chláir san ochtú haois déag. D’éag sé sa bhliain 1760 nuair a bhí sé beagnach 90 bliain d’aois. Is féidir a rá go bhfuil an Coimíneach, ó thaobh chanóin litríocht na Gaeilge de i measc na mionscríbhneoirí, agus níl aon dabht faoi ach go bhfuil an-chuid de léitheoirí na Gaeilge sa lá atá inniu ann dall ar a chuid scríbhneoireachta. Tá cáil air mar údar ‘Laoi Oisín i dTír na n-Óg’ ach mar a léireofar sa tráchtas seo, tá gach cuma ar an scéal nárbh é a scríobh. Tá againn óna pheann dornán beag dánta agus dhá scéal rómánsaíochta (‘Eachtra Thoroilbh Mhic Stairn’ agus ‘Eachtra a Thriúr Mac’) a scríobh sé nuair a bhí an traidisiún sin próis ar an dé deiridh. Níl aon chuid dá shaothar ar fáil in eagráin a shásódh léitheoirí an lae inniu ná na critéir scolártha atá i bhfeidhm anois. Níor tháinig aon lámhscríbhinn, i lámh an Choimínigh, anuas chugainn agus dá bhrí sin bhí dúshlán áirithe ag baint leis an bpróiseas eagarthóireachta. Sa tráchtas rinne mé an suirbhé is iomláine go dtí seo ar a shaothar i dtraidisiún na lámhscríbhinní agus ar na scríobhaithe a rinne é a sheachadadh. Bhí sé mar aidhm agam teacht ar na lámhscríbhinní is údarásaí sa traidisiún d’fhonn eagráin a réiteach a bheadh dílis dá bhunshaothar. Chomh maith leis sin tabharfar cuntas ar a bheatha agus ar a chúlra liteartha, agus déanfar iniúchadh criticiúil ar a shaothar próis agus fileata.
Resumo:
Is é atá sa tráchtas ná staidéar ar logainmneacha agus dinnseanchas ceantair Ghaeltachta Bhéal Átha an Ghaorthaidh. Ins na léarscáileanna a cruthaíodh tá iarracht ar na logainmneacha a líonadh isteach chomh cruinn is ab fhéidir agus furasta iad a aimsiú mar go bhfuil iomlán an eolais ar leathanach amháin. Cuireadh leis an eolas seo trí úsáid foinsí béaloidis a bhain leis an gceantar nó baile fearainn agus is iad Páipéir Uí Dhonnchadha agus Cnuasach Bhéaloideas Éireann is mó a úsáideadh. Tá a lán eolas a bhailigh An tAth Ó Donnchadha faoin nGuagán scríte anseo agus tugann sé le fios a lán dúinn ar an áit agus imeachtaí na haimsire sin.
Resumo:
Stair na Gaeilge i gCo. Thiobraid Árann i rith na tréimhse 1700-1901 atá á ríomhadh sa tráchtas seo. Tar éis a cúlra agus a comhthéacs a shuíomh i gCaibidil a hAon, déantar scríobhaithe an cheantair a áireamh, fara tráchtaireacht orthu, i gCaibidil a Dó. I gCaibidlí a Trí agus a Ceathair, féachtar ar thionchar na hEaglaisí Caitlicí agus Eaglais na hÉireann (i measc eaglaisí Protastúnacha eile) ar an dteangain. I gCaibidil a Cúig, faightear spléachadh ar ghnéithe éagsúla de shaíocht an chontae, ag tabhairt léargais ar tháirgí na scríobhaithe, ar leabhair a clóbhualadh sa réigiún, agus ar fhilí móra na háite, leithéidí Liam Daill Uí Ifearnáin, ag sonrú limistéir faoi leith, an t-oirdheisceart, mar shampla. Léirítear éifeacht na gcumann Gaelach agus na ndíograiseoirí iomadúla a bhain leo. Ábhar suime, leis, feidhm na Gaeilge sna cúirteanna dlí. Tugtar faisnéis i gCaibidil a Sé ar fhianaise cuairteoirí ar an Ghaeilge mar urlabhra i dTiobraid Árann. Is anseo chomh maith a deintear anailís ar Dhaonáirimh na mblianta 1861-1901, le mórchuid adhmaid á baint as ceann 1901 go háirithe. Breactar as ainmneacha sagart agus múinteoirí le Gaeilge, agus tráchtar ar aicmí suntasacha eile, na póilíní agus na saighdiúirí a raibh an teanga sin ina mbéal acu. Tugtar le chéile dá réir na snáithíní difriúla eolais ar an dúiche ar bhealach nár tharla cheana don gcontae casta fairsing seo le haghaidh na tréimhse atá idir lámha ag an saothar.
Resumo:
Go príomha, is tráchtas é seo a dhéanann staidéar ar ghné de litríocht iar-chlasaiceach na Gaeilge. Baineann sé go háirithe leis an sraith chaointe nó marbhnaí i bhfoirm véarsaíochta a cumadh do Shéamas Óg Mac Coitir (1689-1720), duine uasal Caitliceach ó Charraig Tuathail, Co. Chorcaí, nuair a ciontaíodh é in éigniú Elizabeth Squibb, bean de Chumann na gCarad; nuair a cuireadh pionós an bháis air; agus nuair a crochadh é i gCathair Chorcaí an 7 Bealtaine, 1720. Ó thaobh na staire de, scrúdaítear Clann Choitir mar shampla de theaghlach nár cheil a ndílseacht do chúis pholaitiúil na Stíobhartach agus a sheas an fód go cróga faoi mar a bhí a ngreim polaitiúil á dhaingniú ag an gCinsealacht Phrotastúnach ó dheireadh an 17ú haois amach. Tagraítear do sheicteachas na sochaí comhaimseartha agus don teannas idir an pobal Caitliceach agus an pobal Protastúnach ag an am. Déantar scagadh ar an véarsaíocht mar fhoinse luachmhar do dhearcadh míshásta an mhóraimh Chaitlicigh ar struchtúr polaitiúil chontae Chorcaí (agus na hÉireann) i dtosach an 18ú haois. Is feiniméan liteartha an dlús véarsaíochta seo a bhaineann go háirithe le traidisiún liteartha Chorcaí. Tá na dánta curtha in eagar agus aistriúchán go Béarla curtha ar fáil: is é seo croí an tráchtais. Tá an t-eagrán bunaithe ar scrúdú cuimsitheach ar thraidisiún na lsí; pléitear modheolaíocht na heagarthóireachta. Déantar iarracht ar na dánta a shuíomh sa traidisiún casta liteartha sa tráchtaireacht tosaigh; sa chuid eile den bhfearas scoláiriúil, scrúdaítear ceisteanna a bhaineann le cúrsaí teanga, foclóra, meadarachta agus stíle. Tá innéacsanna agus liosta foinsí le fáil i ndeireadh an tráchtais.
Resumo:
Is éard atá curtha romham agam sa tráchtas seo ná an t-úrscéal iar-nua-aoiseach sa Ghaeilge a phlé; chun aitheantas a thabhairt don seánra mar rud ar leith; chun a fhréamhacha a aimsiú agus a thréithe sainiúla a léiriú. Féachaim anseo lena léiriú go bhfuil baint shainiúil ag an úrscéal iar-nua-aoiseach sa Ghaeilge le stair shochteangeolaíoch agus liteartha na hÉireann. Chruthaigh scríbhneoirí Béarla na hÉireann, ar nós Joyce, Beckett agus Flann O’Brien (Brian Ó Nualláin), cur chuige liteartha a raibh toradh ollmhór aige ar chúrsaí liteartha an domhain – go háirithe sa chomhthéacs (iar)-nua-aoiseach. Léireoidh mé gur tháinig an cur chuige seo chun cinn de bharr an choibhnis shainiúil atá ag muintir na hÉireann le teanga – coibhneas atá ginte i nguagacht faoin rud is teanga féin ann. Áitím gur eascair an ghuagacht seo as an athrú stádais – ó phríomhtheanga go mionteanga – a tharla don Ghaeilge. Áitím gur cruthaíodh feasacht ar fholús i bhféiniúlacht na tíre nuair a tharla an t-athrú sin agus go raibh tionchar ag an bhfeasacht seo ar litríocht na hÉireann – idir Ghaeilge agus Bhéarla. Is minic a fhéachann an túrscéal iar-nua-aoiseach, i ngach teanga ina gcleachtar a leithéid, le staidéar a dhéanamh ar na slite ina gcruthaítear brí sa saol trí theanga agus trí reacaireacht. Murab ionann is a mbíonn i gceist san úrscéal ‘traidisiúnta’ – an t-úrscéal ‘réadach’ mar a tuigtear leis – glacann iar-nua-aoiseachas leis go bhfuil solúbthacht agus saorgacht i ngach léiriú ar an mbrí seo. Léiríonn na húrscéalta atá faoi chaibidil sa tráchtas seo an-doimhneacht liteartha. Is saothair fhéinchomhfhiosacha agus mheitificseanúla iad a thaispeánann éiginnteacht i leith brí absalóidigh. Oibríonn siad mar léiriú ar fheidhm na teanga sa saol agus ar na slite ina gcruthaíonn gach reacaireacht a fírinne féin. Cé gur tréithe iar-nua-aoiseacha iad siúd, is tréithe iad chomh maith a bhaineann le stádas na mionteanga.