3 resultados para Cœur
em CORA - Cork Open Research Archive - University College Cork - Ireland
Resumo:
Tugann an staidéar taighde aghaidh ar an dátheangachas i bPoblacht na hÉireann agus go háirithe ar thuairimí dhaoine óga dátheangacha sa 21ú haois. Is é cuspóir an staidéir ná iniúchadh a dhéanamh ar mheonta déagóirí Éireannacha dátheangacha i leith na Gaeilge agus a gcuid aitheantais mar dhéagóirí dátheangacha. Déanann an staidéar anailís ar mheonta daltaí a fhreastalaíonn ar iar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge. Féachtar ar thuairimí tuismitheoirí, múinteoirí agus iar-scoláirí freisin. Is í príomhcheist an staidéir seo ná: Cad iad meonta déagóirí Éireannacha dátheangacha i leith teanga na Gaeilge agus cad iad a n-aitheantais mar Éireannaigh óga dátheangacha? Baineadh úsáid as modhanna cáilíochtúla idir agallaimh, agallamh grúpa, scríbhneoireacht phearsanta agus ríomhphoist chun eolas a bhailiú i scoil an staidéir cháis. Roghnaíodh modh cainníochtúil an cheistneora náisiúnta chun cur leis an eolas. Tugann an taighde le tuiscint go mothaíonn déagóirí Éireannacha dearfach faoi theanga na Gaeilge agus faoin a gcuid aitheantais mar dhaoine dátheangacha. Léiríonn torthaí an taighde gurb ionann teanga na Gaeilge dóibh agus seoid luachmhar a sholáthraíonn buntáistí, deiseanna agus féidearthachtaí dóibh. Maidir le cruthú aitheantais, chuaigh formhór na ndéagóirí i scoil an staidéir cháis i dtreo a ndá ghrúpa teangeolaíochta agus chruthaigh siad “linguistic brokerage” (Shenk, 2008) a tharraing a taobh Gaelach is Béarla le chéile. Mothaíonn formhór na ndéagóirí dátheangacha seo go bhfuil aitheantas amháin acu ach go bhfuil an dá theanga, an dá chultúr agus an dá pháirt dá saoil mar pháirt den gcomhaitheantas sin. Ach ba léir go raibh éagsúlachtaí i measc na rannpháirtithe freisin. Tacaíonn torthaí an taighde le gnéithe den litríocht ar a rinneadh athbhreithniú chun ról lárnach na teanga i gcruthú aitheantais an déagóra a léiriú. Cuireann an taighde seo leis an réimse toisc go soláthraíonn sé eolas luachmhar agus fiúntach faoin dátheangachas agus aitheantas i bPoblacht na hÉireann sa 21ú haois.
Resumo:
Is éard atá curtha romham agam sa tráchtas seo ná an t-úrscéal iar-nua-aoiseach sa Ghaeilge a phlé; chun aitheantas a thabhairt don seánra mar rud ar leith; chun a fhréamhacha a aimsiú agus a thréithe sainiúla a léiriú. Féachaim anseo lena léiriú go bhfuil baint shainiúil ag an úrscéal iar-nua-aoiseach sa Ghaeilge le stair shochteangeolaíoch agus liteartha na hÉireann. Chruthaigh scríbhneoirí Béarla na hÉireann, ar nós Joyce, Beckett agus Flann O’Brien (Brian Ó Nualláin), cur chuige liteartha a raibh toradh ollmhór aige ar chúrsaí liteartha an domhain – go háirithe sa chomhthéacs (iar)-nua-aoiseach. Léireoidh mé gur tháinig an cur chuige seo chun cinn de bharr an choibhnis shainiúil atá ag muintir na hÉireann le teanga – coibhneas atá ginte i nguagacht faoin rud is teanga féin ann. Áitím gur eascair an ghuagacht seo as an athrú stádais – ó phríomhtheanga go mionteanga – a tharla don Ghaeilge. Áitím gur cruthaíodh feasacht ar fholús i bhféiniúlacht na tíre nuair a tharla an t-athrú sin agus go raibh tionchar ag an bhfeasacht seo ar litríocht na hÉireann – idir Ghaeilge agus Bhéarla. Is minic a fhéachann an túrscéal iar-nua-aoiseach, i ngach teanga ina gcleachtar a leithéid, le staidéar a dhéanamh ar na slite ina gcruthaítear brí sa saol trí theanga agus trí reacaireacht. Murab ionann is a mbíonn i gceist san úrscéal ‘traidisiúnta’ – an t-úrscéal ‘réadach’ mar a tuigtear leis – glacann iar-nua-aoiseachas leis go bhfuil solúbthacht agus saorgacht i ngach léiriú ar an mbrí seo. Léiríonn na húrscéalta atá faoi chaibidil sa tráchtas seo an-doimhneacht liteartha. Is saothair fhéinchomhfhiosacha agus mheitificseanúla iad a thaispeánann éiginnteacht i leith brí absalóidigh. Oibríonn siad mar léiriú ar fheidhm na teanga sa saol agus ar na slite ina gcruthaíonn gach reacaireacht a fírinne féin. Cé gur tréithe iar-nua-aoiseacha iad siúd, is tréithe iad chomh maith a bhaineann le stádas na mionteanga.
Resumo:
Is scrúdú ar théacs amháin, Comthóth Lóegairi co Cretim ocus a Aided (CLcC), a chaomhnaítear i lámhscríbhinn amháin, Lebor na hUidre (LU), atá sa tráchtas seo. Bíodh is gurb é LU an lámhscríbhinn Ghaelach is sine a chaomhnaíonn scéalta leanúnacha i nGaeilge, agus gur ábhar staidéir ar leith i ngort na Gaeilge agus na Ceiltise é dá réir, níor scrúdaíodh CLcC as féin mar earra litríochta fós, ná ní dhearnadh mionscrúdú ar an teanga ann ach chomh beag. Ceapadh gur mhithid an téacs a mheas ar na cúiseanna sin. Roinntear an tráchtas ina dhá chuid, mar atá: (a) cuid a haon, a chuireann síos ar chomhthéacs na lámhscríbhinne agus ar cheisteanna a bhaineann lena lucht scríofa, chomh maith le hanailís liteartha ar théamaí a luaitear sa téacs féin. Déantar ceist an rangaithe a phlé chomh maith, is é sin, conas is ceart rangú a dhéanamh ar CLcC; (b) cuid a dó, is eagrán agus aistriúchán den téacs atá inti, chomh maith le nótaí teanga a scrúdaíonn gnéithe suntasacha den teanga, agus gluais. An dá shórt anailíse a chuirtear chun cinn i rith an tráchtais, .i. an scrúdú liteartha agus an t-iniúchadh ar an teanga, déantar iad a shuíomh i gcomhthéacs LU trí chéile oiread agus is féidir. Féachann an cur chuige seo le taispeáint gur de dhlúth na lámhscríbhinne féin na téamaí (mar shampla creideamh, cumhacht, ríogacht) is bun le CLcC, agus gur sampla an-spéisiúil de thoisí teanga LU an téacs seo, óir léiríonn sé caomhnú ábhar ón tSean-Ghaeilge chomh maith le forbairtí teanga a bhaineann le ré na Meán-Ghaeilge. Sna nótaí teanga, leis, cuirtear samplaí as lámhscríbhinní comhaimseartha eile san áireamh, chomh maith le foinsí níos sine ná sin, le bonn a chur faoin áitiú a dhéantar ar aois na teanga in CLcC.